Joe O’Connell

- Giotár


Ceoltóir é  Jon O’Connell atá gníomhach i réimse an cheoil in Éirinn le breis is fiche bliain. Is as Sráid na Cathrach sa Chlár do Jon  agus tá sé lonnaithe fós sa dúiche seo mar a bhfuil traidisiún an cheoil Ghaelaigh láidir i gcónaí agus mar a mbíonn seisiúin ceoil coitianta.   Is é an dordghiotár an chéad uirlis ceoil ag Jon;  agus é anois le The Fiddle Case seinneann sé an t-olldord, an giotár agus canann sé amhráin.

Le linn a shaolré oibre rinne Jon gigeanna, chum agus thaifeadaigh sé le go leor ceoltóirí éagsúla agus d’iliomad cineálacha éagsúla ceoil le leithéidí The Walls, Luka Bloom, Ultan Conlon, Mundy.  Bhí iliomad buaicphointí ann, ina measc taisteal mar thaca le Crowded House san Astráil agus tacú le Bob Dylan i nGaillimh chomh maith le turas i SAM agus cúpla cuairt ar an Rúis.